C.L.G. An Spidéal

C.L.G. An Spidéal Leathanach Oifigiúil CLG An Spidéal, cumann peile agus iomána ón Spidéal i gConamara. Bunaithe i 1906. Bródúil, Croíúil, Gaelach.

Cúpla cluiche mór ag foirne peile na bhfear an deireadh seachtaine seo. Beidh na sóisir amuigh in aghaidh Naomh Pádraig,...
11/09/2026

Cúpla cluiche mór ag foirne peile na bhfear an deireadh seachtaine seo. Beidh na sóisir amuigh in aghaidh Naomh Pádraig, An Fhairche i gcluiche leathcheannais na Scéithe Dé Sathairn. Beidh an cluiche sin sa mbaile ag 6pm.

Beidh an fhoireann Idirmheánach ag imirt ansin ar an nDomhnach agus Oileáin Árann romhainn sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais. Istigh i Staid an Phiarsaigh a bheidh an ceann sin ag 1.30pm agus muid ag súil le slua mór ag tacú linn.
💙💛🖤🧡

Uimhreacha Lotto: 4️⃣ 1️⃣3️⃣ 1️⃣4️⃣ 2️⃣0️⃣Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin g...
09/09/2026

Uimhreacha Lotto: 4️⃣ 1️⃣3️⃣ 1️⃣4️⃣ 2️⃣0️⃣

Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go mbeidh 💰€14,6l700 sa bpota an tseachtain seo chugainn!

Bhí trí uimhir ag na daoine a leanas agus fuair siad €50 an duine;

John Dunne - Ar líne

Joe Clancy - Sídheán

Is ag 3.00pm atá an cluiche iomána ar an gCarn Mór Dé Sathairn, seachas 4pm!
04/09/2026

Is ag 3.00pm atá an cluiche iomána ar an gCarn Mór Dé Sathairn, seachas 4pm!

Cluichí an deireadh seachtaine seo agus cluichí tábhachtacha craoibhe ag na hiománaithe agus na mná Dé Sathairn. Go n-éi...
04/09/2026

Cluichí an deireadh seachtaine seo agus cluichí tábhachtacha craoibhe ag na hiománaithe agus na mná Dé Sathairn. Go n-éirí leis na foirne uile.

Ná déan dearmad freisin go mbeidh Taispeántas Chois Fharraige, nó Seó an Spidéil, ar siúl thiar i gColáiste Chonnacht thar an deireadh seachtaine.
🖤🧡💙💛

Bhí an-lá ag an bhfoireann Mná le Chéile a d'imir san ócáid G4MO a d'eagraigh Fr. Griffin's Éire Óg GAA/LGFA Galway ag a...
01/09/2026

Bhí an-lá ag an bhfoireann Mná le Chéile a d'imir san ócáid G4MO a d'eagraigh Fr. Griffin's Éire Óg GAA/LGFA Galway ag an deireadh seachtaine.

Bhreathnaigh sé go raibh an-phíosa chraic ann agus bhí deis ag mná s'againne casadh le cúpla duine de laochra na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann mí Iúil agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín tugtha leo acu!
💙💛🖤🧡

Uimhreacha Lotto: 2️⃣1️⃣ 2️⃣2️⃣ 2️⃣5️⃣ 3️⃣2️⃣Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann si...
01/09/2026

Uimhreacha Lotto: 2️⃣1️⃣ 2️⃣2️⃣ 2️⃣5️⃣ 3️⃣2️⃣

Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go mbeidh 💰€14,600 sa bpota an tseachtain seo chugainn!

Ní raibh trí uimhir ag duine ar bith agus tarraingíodh an ceathrar a leanas as an hata agus fuair siad €25 an duine;

Colm & Margo Donohue - Furbo

Alo Conneely - Baile Ard

Geraldine Uí Mhurchú - Ar líne

Peadar Ó Neachtain - Ar líne

Comhghairdeachas le foireann Faoi 14 na gcailíní a raibh an bua acu ina gcluiche ceannais Dé Sathairn! Fuair siad an cea...
31/08/2026

Comhghairdeachas le foireann Faoi 14 na gcailíní a raibh an bua acu ina gcluiche ceannais Dé Sathairn! Fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Anna théis an-chluiche idir na foirne.

Tá muid an-bhródúil as na cailíní agus buíochas mór le gach duine a thug cúnamh don bhfoireann i mbliana!
💙💛🖤🧡

Cluiche mór craoibhe ag na lads amárach i mBaile Átha an Rí. Tacaigí leo más féidir! 💙💛🖤🧡
28/08/2026

Cluiche mór craoibhe ag na lads amárach i mBaile Átha an Rí. Tacaigí leo más féidir!
💙💛🖤🧡

Go n-éirí le foireann Faoi 14 na gcailíní Dé Sathairn agus iad ag imirt i gcluiche ceannais an choirn Dé Sathairn beag s...
27/08/2026

Go n-éirí le foireann Faoi 14 na gcailíní Dé Sathairn agus iad ag imirt i gcluiche ceannais an choirn Dé Sathairn beag seo.

Casfaidh siad ar Naomh Anna, Leitir Móir sa gcluiche ceannais thiar ar Pháirc an Mhaimín ag 11.30am.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis an Clybaun Hotel a rinne urraíocht ar Mhála Garchabhrach don bhfoireann chomh maith! Is mór againn an tacaíocht.
💙💛🖤🧡

Uimhreacha Lotto: 2️⃣0️⃣ 2️⃣5️⃣ 2️⃣6️⃣ 2️⃣8️⃣Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann si...
25/08/2026

Uimhreacha Lotto: 2️⃣0️⃣ 2️⃣5️⃣ 2️⃣6️⃣ 2️⃣8️⃣

Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go mbeidh 💰€14,500 sa bpota an tseachtain seo chugainn!

Ní raibh trí uimhir ag duine ar bith agus tarraingíodh an ceathrar a leanas as an hata agus fuair siad €25 an duine;

Keith Ó Droighneáin - Baile an tSléibhe

Gearóid Breathnach - Camus Íochtar

Gearoid Ó Finneadha - Ar líne

Áine Ní Churraidhin - Ar líne

Address

Coláiste Chonnacht
Galway
H91NR71

Website

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when C.L.G. An Spidéal posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share