21/09/2026
🏆 Comhghairdeas mór leis an fhoireann Junior Matchplay Shield, a bhain a chéad Shield Plaque amach tráthnóna Dé Domhnaigh i Leitir Ceanainn. D'imir siad in éadan foireann láidir as Portnoo, agus bhain siad dhá chluiche as trí leis an sciath a thabhairt leo. 🏆
Bhí coimhlint iontach teannta ag Jamie Mac Aoidh agus Colmán Mac Cumhaill, leis an dá fhoireann ag imirt galf ar fheabhas. Tá tréan bainte ag Jamie agus Colmán i mbliana, agus tá an bheirt ag gabháil ó neart go neart ar an chúrsa. I ndiaidh cluiche deacair, thug an bheirt as Portnoo an cluiche leo ar an 17ú le bua de 2&1, ag tabhairt an chéad pointe do Portnoo.
Bhí John Joe McBride agus Flionn McBride le chéile sa darna cluiche, bhí tús ar dóigh acu, ag gabháil 5up i ndiaidh 9 bpoll agus choinnigh siad ag gabháil go stuama le bua de 4&3 a thabhairt leo sa deireadh. Chothromaigh sin an choimhlint ag fágáil an brú uilig ar an chluiche deireanach.
Ba iad Darragh Sweeney agus Aaron McBride a bhí sa ghrúpa deireanach. Bhí tús láidir acu cosúil leis na McBrides rófa, ach tháinig muintir Phortnoo ar ais giota ar ghiota ar an naoi bpoll deireanach go raibh siad dhá pholl chun cúil. Scairteadh isteach orthu ar an 17ú mar nach raibh siad ábalta go leor poill a bhaint de thairbhe an bua mór a bhí againn sa darna cluiche. Fiú dá mbainfeadh foireann Portnoo an dá pholl deireanach leis an gcluiche deireanach a chothromú, bhí go leor poill ag muintir Ghaoth Dobhair leis an lá a thabhairt leo.
👏 Tá muid iontach bródúil as na himreoirí uilig a d’imir i rith na bliana agus as an obair atá déanta ag Paul Mac Aoidh a stiúraigh an fhoireann agus Declan McBride agus Aisling Mhic Cumhaill, a reachtálann galf óige, chomh maith leis na himreoirí atá ar an fhoireann Senior Scratch a d’fhoghlaim an chéad ghlúin eile ag campaí samhraidh fríd na blianta.
Ach ghlacfadh siad a bheith faichilleach, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh na hógánaigh ag teacht chun tosaigh le háit ar an fhoireann Senior Scratch a fháil daofa féin! 🏆